An lá a d’oscail teach an phobail in 1965. An tAthair Ó Siadhail a bhí i gceannas, rinne sé obair chrua san am do mhuintir an oileáin. Muintir an oileáin iad féin a thóg é. Fuair an sagart bás in 1971 ach bhí sé istigh ar an oileán roimhe sin agus d’iarr sé ar mhuintir an oileáin a chónair a iompair.